Happy Easter. An t-Aisírí is an old Irish Easter hymn. Here it is sung by Nóirín Ní Riain and the monks of Glenstal Abbey.
'S é rinnemuid a cheannacht ón ndaorise;
Is d'fhulaing sé páis, agus bás ar an gcroich,
Mar gheall ar na peacaí a dhéan'mid.
Curfá
Agus aililiú leá, is aililiú ló, aililiú ló
‘S é Íosa an Fíréan, Dia dílis don Athair
Ó, is é a rinne ár gceannacht ón daoirse;
Nuair a d’fhulaing sé an Pháis agus bás ar an gcroich
Ag tabhairt sásaimh sna peacaí seo a níonns muid.
Tá an t-arán seo déanta i d’fhianaise, a Pheadair,
A Pheadair, caithidh an t-arán seo;
[An] té chaithfeas an t-arán seo, caithfidh sé mise,
Idir fheoil, anam is diachta.
Tá an fíon seo déanta i d’fhianaise, a Pheadair,
A Pheadair, ólaidh an fíon seo;
[An] té ólfas an fíon seo, ólfaidh sé an fhuil
A bhí ag tíocht ‘na braonta as mo thaobhsa.
Siúlaigí amach sa ngairdín, a Pheadair,
Tá uaigneas mór ar mo chroí-se;
‘S é meáchan na bpeacaí is ciontach le m’uaigneas
Is fairigí uair liom an oíche seo.
Éirígí suas a tromluí a gcodladh
Ní fada uaim saighdiúir mo dhaoirse
Rinne sibh faillí fanacht ‘na maidin
‘S ní bhfuair [gur] chaith sibh an oíche seo.
Tá sé ráite i dtairgearacht Mhaitiú
Leis an magadh a fuair Íosa
Gur éirigh an coileach a bhí ag fiuchadh sa bpota,
Chuaigh ar an mbord is lig glao as.
Tháinig na trí Muire ar maidin Dé Domhnaigh
Go leigheasfaidís cneácha Íosa.
Chuartaíodar an tuamba thart timpeall go gasta,
Ní bhfuaireadar amharc ar Íosa.
Tháinig an t-aingeal anuas as na Flaithis
Is d’ardaigh an leac ina bhfianaise
Bhí leac ar an tuamba, ní thógfadh céad pearsa í,
Ach thóg an t-aingeal a bhí naofa í.
It's amazing how the Koreans got it just right, using earthenware onggi for making kimchi. It works better than making it in plastic or glass containers.